Feidhmchláir

Is gnáthach feidhmchláir mhóra a oiriúnú do thíortha agus do mhargaí éagsúla, go háirithe do theangacha éagsúla. Níor tharla sé seo go forleathan ach le déanaí i gcás na Gaeilge, a bhuíochas cuid mhaith le meithil bheaga atá ag saothrú leo in áiteanna éagsúla ar fud an domhain. Ar cheann acu siúd áirítear Dúrud Teoranta, atá tar éis roinnt áirithe feidhmchlár a chur in oiriúint don Ghaeilge, agus iad a chur ar fáil do dhéantúsóirí na bhfeidhmchlár lena scaipeadh.

Tá Dúrud páirteach freisin, mar cheann tiomána, i dtogra níos leithne ná an saothar seo, atá mar aidhm aige na háiseanna ríomhaireachta atá ar fáil i nGaeilge a chur faoi bhráid an phobail i gcoitinne. Beidh tuilleadh eolais ann faoi seo amach anseo.