Gaelú Ríomhairí

Agus an fás mór atá tar éis teacht le déanaí ar na háiseanna ríomhaireachta atá anois ann i nGaeilge, tá éileamh á chruthú do chlaochlú ríomhairí go Gaeilge, nó “gaelú ríomhairí”. Níl gach éinne in ann na hathruithe ar gá a dhéanamh a chur i gcrích iad féin, pé daoine aonaracha, forais nó cuideachtaí, cé nach bhfuil sé casta i ndáiríre. Uaireanta bíonn gá le cúnamh. Freastalaíonn Dúrud orthu siúd a bhfuil cabhair de dhíth uathu.

Má tá fonn ort, sa bhaile nó ar láthair do ghnó, teanga oibre do ríomhaire a athrú go dtí do theanga náisiúnta féin, faoi mar is nós ag daoine i dtíortha eile na hEorpa, agus mura bhfuil muinín agat as do chumas féin é seo a chur i gcrích, déan teagmháil linn!