Leathanach baile

Fáilte!

Cuideachta ceannródaíochta is ea Dúrud Teoranta atá gafa le cursaí ríomhaireachta, go háirithe sa Ghaeilge. Logánú de shaghas éigin is mó a bhíonn faoi chaibidil againn.

Bíonn dáiliúchán leabhar ar bun ag Dúrud chomh maith. Ina theannta sin, tá gnó dáiliúchán earraí a bhfuil baint éigin teanga leo ar siúl ag an gcuideachta freisin.

Logánú

Cuireann Dúrud leaganacha Gaeilge ar fáil de gach saghas feidhmchlár ríomhaireachta mar aon le gléasra uathoibreach leictreonach, ar nós bothanna féinseirbhíse.

Tá foireann theicniúil, innealtóirí cháilithe ina measc, gníomhach leis an gcuideachta, mar aon le haistritheoirí ar mór an taithí acu sa réimse áirithe seo.

I measc na dtograí atá curtha i gcrích ag an gcuideachta áirítear logánú bothanna féinseirbhíse a cuireadh i mbun oibre ar fud na hÉireann, mar aon le mórán tíortha eile, agus logánú ar shuíomh féin-eagrúcháin grianghraf.

Is breá le Dúrud tograí agus féidearthachtaí nua a phlé, mar sin déantar teagmháil linn!